AllVideoFriendsApplicationsPhotosWhite BoardBlog
Na Gaeil Óga <nagaeiloga>


Bunaíodh Na Gaeil Óga i 2004 chun deis a thabhairt do dhaoine óga páirt a ghlacadh san fheachtas le haghaidh STÁDAS. D'fhás an eagraíocht tar éis gur bhuaigh phobal na hÉireann Stádas Oifigiúil Oibre amach don Ghaeilge san A.E.

Anois is ceann de na heagraíochtaí Gaeilge is mó fáis muid le craobhacha i mBéal Feirste, i nDún Dealgan, i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i nGaillimh & i Luimneach anois!

Má tá spéis agat craobh Na Gaeil Óga a bhunú nó bheith páirteach i gcraobh Na Gaeil Óga i do cheantar ní gá ach dul i dteagmháil linn @ nagaeiloga@gmail.com nó +353 85 7395580.

Bain sult as & scaip an scéal!

Gender  
Female
Last ActiveProfile Views
1 week8854 times
Share the Luv
12
Hometown
Éire
Na Gaeil Óga's URL
http://www.bebo.com/nagaeiloga
Member Since
April 2006

CAIRT CEARTA TEANGA
Tá muid ag iarraidh an Cairt Teanga a scaipeadh fud fad na tíre chun go gcuirfear Gaeil óga ar an eolais faoina gcearta teanga. Má tá cóip uait seol rphost chugainn ag nagaeiloga@gmail.com nó téacs chuig +353 85739 5580.
Scannáin
The Wind That Shakes The Barley, Yu Ming is ainm, Fluent Dysphasia & Mise Éire
Spóirt
Feachtasaíocht, Camógaíocht, Peil Ghaelach, Iománaíocht, Peil na mBan, Liathróid Láimhe & Tiddly Winks.
Eagla roimh
Faic is Gaeil muid, nach uasal sin!
Sásta Nuair
Atá bua eile bainte amach ag pobail na Gaeilge. Acht Gaeilge do na 6 Chontae ar an tslí mar chuid de chainteanna Naomh Aindriú!!!
Podchraoladh as Gaeilge
An Líonra Sóisialta le Conn Ó Muíneacháin. Ar fáil ag www.anlionra.com . Éistigí leis!
Cluiche Lán-Ghaeilge Ar Líne
http://www.nanoquest.ie/g_home.html

   

Polls

Cad a cheapann tú faoi chinneadh an Aire Oideachais, Mary Hannafin, maidir le tumoideachas?
a) Is drochrud é, déanfaidh sé dochair do chaighdeán gaeilge na bpáistí
b) Is maith an rud é, déanfaidh sé maitheas do chaighdeán gaeilge na bpáistí
c) Ní bhíonn go leor béarla ag páistí ag teacht amach as an nGaeilscoil ar aon nós
d) Tuairim Eile (Fág nóta tráchta/comment)
An chóir go mbeadh rogha Gaeilge ar Bhebo?
a) Cinnte, gan mhoill
b) Seans ar bith sure is teanga marbh é!
14 Comments
 

Blogs

nagaeiloga.blogspot.com
A Ghaeil,

Tá muid chun deis an chéad bhlag a thapú chun aird an ghnáth-mhic léinn ghaelaigh a tharraingt ar an tábhacht agus ar na deiseanna a bhaineann leis Na Gaeil Óga bheith infheicthe, eagraithe agus ionadaíoch ar Chumainn Ghaelacha.

Tá beagnach 3,800 mac léinn le ballraíocht i gCumainn Ghaelacha i gColáistí Tríú Leibhéil na hÉireann. Tuigimid go léir nach ballraíocht ghníomhach í seo ach sin ráite is ardú suntasach eile é. De réir figiúirí i Lá Nua an lae inniu, tá 3,784 ball i gCumainn Ghaelacha in 2007, suas ó 2,592 i 2006 a bhí suas ó 1,755 in 2005. Tugann Eagarfhocal Lá Nua glúin TG4 ar na Gaeil óga seo.

Bhí tionchar ag TG4 ar ár nglúin ach anois is muidne atá sé mar dheis againn tionchar a imirt ar shochaí na hÉireann.

Creid nó ná creid, is iad baill de Chumainn Ghaelacha Bhaile Átha Cliath a bhunaigh Na Gaeil Óga ar an gcéad dhul síos i 2004. Bunaíodh an óg-eagraíocht chun deis a thabhairt do mhic léinn agus Gaeil óga i gcoitinne páirt a ghlacadh san fheachtas ar son Stádas Oifigiúil Oibre don Ghaeilge. Gan an eagraíocht seo ní bheadh an líon céanna daoine óga amuigh ar na sráideanna ag éileamh a gcuid cearta mar chuid den Lá Mór.

Thug Na Gaeil Óga tacaíocht do Chonradh na Gaeilge agus STÁDAS i rith na tréimhse sin agus léirigh siad an-tacaíocht dúinn ó shin agus tá comhoibriú leanúnach eadrainn go dtí an lá inniu.

Ach is leor sin faoin stair, díreoimis anois ar an am i láthair agus oibreoimis le chéile i dtreo an todhchaí. Tá deis anois nach raibh ann cheana bhur dtionchar mar mhic léinn agus mar Ghael óga a imirt ar threo ghluaiseacht na Gaeilge. Tá deis anois ag Cumainn Ghaelacha bheith ag smaoineamh go huaillmhianach ach an chrógacht bheith acu.

Don té atá glic ní foláir dó bheith sna Gaeil Óga nó d'fhéadfadh go leor buntáistí sóisialta, teanga, airgeadais, agus margaíochta bheith bainteach le rannpháirtíocht na gCumann Gaelach sna Gaeil Óga. Mar shampla:

Buntáistí Airgeadais
Cá mhéad a chosnaíonn sé 10 hoodies a cheannach do Choiste an Chumainn?
Smaoinigh dá n-ordófaí 100 ag tús na bliana agus d'fhéadfaidís lógó an chumainn a chur uirthi.
Mar an gcéanna le dearadh do shuíomh idirlín, má tá teimpléad faoi leith ann d'fhéadfadh sé an-chuid ama a shabháilt do stiúrthóir gréasáin an Chumainn.

Imeachtaí Idir-choláistí
Tá breis imeachtaí idir-choláistí ar siúl ná riamh.


An seachtain seo caite d'eagraigh Na Gaeil Óga oíche shóisialta i gCumann Cluain Ard, i mBéal Feirste, ag ar bailíodh £300 mar phingine tosaithe don fheachtas i gcóir Staisiún Raidió Náisiúnta Gaeilge don Óige, an chéad mhórfheachtas eile. Bunaíodh grúpa oibre ar nós STÁDAS chun é seo a bhrú ar aghaidh.
Anuraidh d’eagraigh Na Gaeil Óga Spraoi Luimnigh i gcomhpháirt le Cumann Gaelach Ollscoil Luimnigh.
Sa bhliain acadúil chéanna d'eagraigh Na Gaeil Óga Comórtas Díospóireachta idir-choláiste i gcomhpháirt leis an gCuallacht, i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.
Aon duine atá i gCumann Gaelach i mBaile Atha Cliath le cúpla bliain cuimhneoidh sibh ar na ceolchoirmeacha Tradfest agus Craicfest.
Ar scáth a chéile a mhaireann na nGaeil agus bígí cinnte go bhfuil sé níos éasca urraíocht a shaothrú, bannaí iontacha ceoil a fháil agus daoine a mhealladh má tá níos mó ná cumann amháin ag eagrú imeachta.

Nach iontach an ócáid Ghaelach a bheadh ann dá dtiocfadh mic léinn na gcoláistí éagsúla go dtí Éigse na Tríonóide, TCD; an Fhéile Cheilteach, DCU; agus leithéidí Spraoi Ollscoil Luimnigh nó Gaelfest.

D’fhéadfadh sibh an méid is mó imeachtaí sa choláiste a chur sa tsiúl, níos mó ná aon chumann/Soc eile gan leath den obair a bheith i gceist.

Ba mhian leis Na Gaeil Óga mór-imeacht a eagrú sa phríomhchathair san athbhliain, más spéis le do Chumann Gaelach bheith páirteach nó ionad a chur ar fáil
1 Comment 149 days ago
COMHDHÁIL GAELSCOILEANNA AR AN TUMOIDEACHAIS
Déan teagmháil le GAELSCOILEANNA TEO. le clárú nó le haghaidh breis eolais,
oifig@gaelscoileanna.ie / 01-4773155 / www.gaelscoileanna.ie


Ionad: Óstán an Radisson, Áth Luain

Dáta: Dé Sathairn, 29ú Meán Fómhair, ó 9.45 – 15.45i.n.

Ionadaíocht : Ionadaithe ó gach scoil (bunleibhéal agus iarbhunleibhéal), chomh maith le páirtithe leasmhara na hEarnála.

Ábhar: Ciorclán 044/2007
ar Thús na Litearthachta sna Naíonáin Shóisir:
Plé agus Impleachtaí

CLÁR

09.45 –
10.15 Clárú & Caife
10.30 – 10.45 Fáilte an Uachtaráin, Mícheál Ó Broin
Tuairisc go dáta, Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach
11.00 – 12.30 Painéal agus Fóram Plé ar Ábhar agus ar Impleachtaí an Chiorcláin
1. Luachanna agus Buntáistí an Chórais Luath-Thumoideachais. Áine Andrews, Príomhoide, Gaelscoil na bhFál, Béal Feirste
2. Tumoideachas Seanbhunaithe & an Cur Chuige Praiticiúil. Colmán Ó Drisceoil, Príomhoide, Scoil Lorcáin
3. Curaclam na Bunscoile agus an Tumoideachas. Dónal Ó hAiniféin, Príomhoide, Gaelscoil Mhíchíl Chíosóig
4. Declan Kelleher, Leas-Uachtarán Cumann Múinteoirí na hÉireann

Cathaoirleacht: Muireann Ní Mhóráin
(15 nóim. an duine, móide 30 nóiméad plé i bhfóram oscailte).
12.30 –
14.00 Lón
14.00 – 15.00 ‘Ár bPolasaí Gaeilge’, GAELSCOILEANNA TEO.
Cur i láthair agus Plé.
15.00
Grúpaí oibre ar ‘Ár bPolasaí Gaeilge’

15.30 Tae & Caife
15.45 – 17.00 SEISIÚN DÚNTA: Comhaltaí na heagraíochta amháin ag freastal.
Aiseolas, Plé, Gníomhú agus Rúin
Mícheál Ó Broin, Uachtarán, GAELSCOILEANNA TEO.

17.00 Críoch
0 Comments 226 days ago
TRAENÁIL NA gCUMANN GAELACH AGUS NA nOIFIGEACH GAEILGE
Dé Sathairn, 20 Deireadh Fómhair 2007,

11.00 r.n. – 16.00 i.n.

6 Sráid Fhearchair


11.15
Fáilte

11.15
Ceardlann A: a. Eagrú Cumann Gaelach
• Julian de Spáinn, Iar-Chathaoirleach, Cumann Craic, OÉ, Gaillimh / NUIG; & Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge


Ceardlann B: b. An Ghaeilge san Aontas agus sa choláiste
• Breandán Ó hÉamhnaigh, Iar-Oifigeach na Gaeilge, Aontas na Mac Léinn, Ollscoil Luimnigh
• Siobhán Nic Gaoithín, Oifigeach na Gaeilge, Institiúid Teicneolaíochta BÁC

12.15
Seachtain / Laethanta Gaelacha
• Daithí de Faoite, Iar-Chathaoirleach, Cumann Gaelach, COBÁC/UCD
• Clíona Ní Mhuirí , Feidhmeannach, Seachtain na Gaeilge Teo.


13.00
Lón

14.00
Bailiú airgid don Chumann / Buiséadú
• Darren Ó Rodaigh, Iar-Chathaoirleach, Cumann Gaelach OCBÁC / DCU; & Stiúrthóir, Gaelchultúr

14.45
Saol na Gaeilge:
• Jamie Ó Tuama, Iar-Chathaoirleach, Cumann Gaelach, OU / UU; & Feidhmeannach, Conradh na Gaeilge
• Seán Ó hAdhmaill, Cathaoirleach, Na Gaeil Óga; & Oifigeach Forbartha, GAELSCOILEANNA TEO.
• Marcas Mac Ruairí, Oifigeach Forbartha, Glór na nGael
• Cóilín Ó Cearbhaill, Stiúrthóir, Club Sult

15.45
Aiseolas agus plé ginearálta

16.00
Fáiltiú sa chlub – sólaistí, ticéid Sult agus eile le dáileadh ann!

Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge i bpáirt leis na Gaeil Óga, Glór na nGael agus le hAontas na Mac Léinn in Éirinn

Le cabhair ó Fhoras na Gaeilge
0 Comments 226 days ago
     

Playlist

Ceol '06
10 Songs 109 Profiles Play  | Copy to my Profile
Ceol '07 - Glór
9 Songs 56 Profiles Play  | Copy to my Profile
Ceol '07 - Fuaim
8 Songs 50 Profiles Play  | Copy to my Profile
 

White Board

View All |  Draw /  Write on the Board
Beo Is Singil San Astráil.
WANTED ... SINGLE GIRLS!!!

Fancy taking an all-expenses paid once-in-a-lifetime road trip across the Australian outback in search of love? Answer yes to the series of questions below and you stand a good chance of taking part in Fastnet Films hot new reality show Beo Is Singil San Astráil.

...
Fastnet Films 0 Replies
Beo Is Singil San Astráil.
WANTED ... SINGLE GIRLS!!!

Fancy taking an all-expenses paid once-in-a-lifetime road trip across the Australian outback in search of love? Answer yes to the series of questions below and you stand a good chance of taking part in Fastnet Films hot new reality show Beo Is Singil San Astráil.

...
Fastnet Films 0 Replies
T-LÉINTE!
Tá t-léinte úrnua ag na Gaeil Óga, beidh tuilleadh sonraí againn ar ball, ach má tá aon duine ag iarraidh ceann a cheannach, díreach déan teagmháil linn!

DO THEANGA, DO THODHCHAÍ!
Na Gaeil Óga 0 Replies
   

Comments

Nemeton Training
A Chairde,
Tá Nemeton ag tógaint iarrataisí faoi láthair don chúrsa Árd Dioplóma i Léiriú Teilifíse.
Is cúrsa praiticiúl é a diríonn isteach ar stiúrthóireacht agus eagarthóireacht.

Má tá suim ag éinne an cúrsa a dhéanamh, téann go dtí ár leathanach Bebo chun breis eolais a fháil.
:D
5 weeks ago
Cumann Na Tomhaltoírí Gaeilge
Abair le Bebo go dteastaíonn uait go mbeidh sé ar fáil i nGaeilge

A Chairde,

Sheol mé teachtaireacht chuig Bebo ag rá leo gur bhreá liom é a aistriú go Gaeilge dóibh má tá siad sásta é sin a dhéanamh. Dúirt mé leo go raibh a lán éileamh ann do Bhebo i nGaeilge. Fuair mé teachtaireacht uathu:

Hi

Thank you for your interest. I have sent your request on to our Business Development Team.

They will contact you if they feel your product is a good match with Bebo.com.

Kindest Regards
Lupita

Cur in iúl dóibh go bhfuil éileamh mór ann. Brúigh an nasc seo agus seol teachtaireacht chucu ag rá leo go dteastaíonn uait go mbeadh Bebo ar fáil i nGaeilge. http://bebo.com/support/6195282919a6...

Déan anois é mar tá cinneadh á dhéanamh ag an Business Development Team.

Míle bhuíochas,

Seanán Ó Coistín
6 weeks ago
J.K
Se bhur mbeatha a chairde gael,

Cuireann

Building Opportunities

Play Your Cards Right agus Dioscó

i láthair i MacEnaneys, Bóthar an Ghleanna, Béal Feirste

Aoine 29 Feabhra @ 8

£3 ar an doras ,

Bígí linn, fáilte roimh chách!
10 weeks ago
Geraldine Rea
lean libh, sár theanga é an gaeilge!leathnach den scóth!:L :L
10 weeks ago
Caitlin Ni Ruanaidh
Fógra

AR STRAE

Cuireadh speisialta do chách chuig seoladh an pháipear nua Ghaeilge AR STRAE

Bank of Ireland Theatre, Ollscoil na hÉireann Gaillimh

Dé Luain, 18 Feabhra - 3:00 i.n.

FREE WINE!!

Bigí Linn
12 weeks ago
Joanne Crosbie
An bhfuil sibh uilig ag breathnú ar 'Seacht', sraith drámaíochta TG4? Tugaigí cuairt ar shuíomhanna Bebo na gcarachtar: JoanneC072, Pete5413, LindaD139, DeckoM7, EithneN0, BrianJ477, CarolineS403.

Are you all watching 'Seacht', Tg4's new drama series? Check out the characters' Bebos: JoanneC072, Pete5413, LindaD139, DeckoM7, EithneN0, BrianJ477, CarolineS403.
12 weeks ago
Tomaí Ó Conghaile
Bhuel a chairde, an bhfaca sibh seo?

www.nosmag.com
13 weeks ago
An Cumann Gaelach
Club na hÉigse d'Éigse na Tríonóide/for Trinity Irish Week.

Huge Céilí from 9pm in the Button Factory, Temple Bar. Then, AM DJs on the decks after from 11.30pm till late mashing up the latest tunes in Irish and English!

Doors 9pm, Thursday, 31st Jan 2008.

Céilí Mór ó 9in sa Bhutton Factory, Barra an Teampaill. AM DJs ina dhiadh ag 11.30in, ag maiseáil na n-amhrán is mó suas i nGaeilge agus i mBéarla!

Doirse 9in, Déardaoin, 31ú Éanair 2008

7 EURO on the door (5 euro concession), DRINKS PROMOS ON THE NIGHT. ID riachtanach, níos sine ná 18, ROAR.
14 weeks ago
Ucc Tradsoc
UCC Tradfest 2008, Cathair Chorcaigh. Feabhra 6ú-10ú

Tá áthas ar Chumann Ceoil Tradisiúnta UCC "TradFest
2008" a chur i láthair, ár bhféile bliantúil i
gcroílár Chathair Chorcaigh. Beidh scoth an cheoil, na
hamhránaíochta agus an damhsa againn i mbliana. I measc
na daoine a bheidh i láthair beidh Harry Bradley,
Caoimhín Ó Raghallaigh agus Breanndán Ó
Beaglaíoch, Paul Brock agus Enda Scahill, Beoga, Liz
Doherty le ceoltóirí eile, agus Tommy Cunniffe.
Chomh maith leis na ceolchoirmeacha, beidh ceardlanna
amhránaíochta agus damhsa ar an nós Gaelach againn,
Léacht Cuimhneacháin Sheáin Uí Riada le Lillis Ó
Laoire, comórtas cumadóireachta poirt, agus discó
tradisiúnta! Má tá aithne agaibh ar dhuine ar bith a
bhíonn ag cumadh poirt, d'fhéadfaí iad a spreagadh
chun cur isteach ar an gcomórtas cumadóireachta poirt-is
cinnte go mbeidh sé an-suimiúil agus tá duaischiste
breá le baint amach freisin! Is féidir foirmeacha
iontrála a chur amach sa phost má iarrt
15 weeks ago
Liam
Coinigh í suas a chairde gael!
15 weeks ago
Liam
an bhfuil fheolas ar bith agaibh faoi abar?
15 weeks ago
Ogra Shinn Fein
Ógra Shinn Féin will launch a major National campaign on Drugs and Alcohol this coming weekend in Dublin.

The launch will take place this Saturday 19th January at the youth movement’s National Congress in the ATGWU Hall, Middle Abbey Street, Dublin at 2pm. Sinn Féin President Gerry Adams will be attending the launch.

The campaign which will run for the next 6 months is called N.A.R.C, an acronym for not another ravaged community.

It will focus on many issues relating to drug and alcohol abuse, including youth and community action, gaining a more concerted effort from government, and rolling out a vigorous and broad based awareness programme.


http://ograshinnfein.blogspot.com/20...
16 weeks ago
Áislann Rann Na Feirste
Lá bréithe maith diobh
18 weeks ago
Mike Hocksblack
Hi taim ag iarraidh chairde le gaeilge a dheanamh, agus, chomh bronach mar ata an fuaim as, an mhaith leat a bheith i mo chara?
20 weeks ago
Ogra Shinn Fein
National Road Safety Vigil



At The GPO, Dublin
Saturday 15 December @ 1pm



All Welcome!

Organised by Ógra Shinn Féin, Labour Youth and Young Greens

PASS ON!

http://ograshinnfein.blogspot.com/20...
21 weeks ago
Dit Cumann Gaelach
Aon scéal leads? Céard é an craic leis an rud seo i Mí Feabhra?
21 weeks ago
Ailbe O'Reilly
An bhfuil cumann de na Gaeil Oga i gCorcaigh?
22 weeks ago
Tomaí Ó Conghaile
Cóisir mhór ag NA GAEIL ÓGA i mBéal Feirste, Dé hAoine 30 Samhain.
Ceol beo, damhsa ar an sean-nós, ól piontaí ar son an fheachtais d'ógstáisiún Gaeilge!
Cumann Chluain Árd, 9in, bí ann!
23 weeks ago
Deis Roc
Deis Roc 2 á scannánú ón Luan seo chugainn, an 3ú lá de mhí na Nollag, go dtí Deardaoin an 6ú lá, in Aontas na Mac Léinn, Ollscoil na Ríona, BÉAL FEIRSTE!! Tá muid ar lorg lucht féachána do na seónna, dhá sheó gach lá sa Snackbar. Tá cead isteach saor in aisce, chomh maith leis an bheoir!! Bí linn agus muid ag cuardach an cheoil is fearr in Éirinn inniu - beidh duais 10,000 euro don rocbhanna is mó tallúin - ach ní hea é sin deireadh na nduaiseanna: beidh ticéidí do cheolchoirmeacha á thabhairt amach ag ár láitheoir Síle Ní Bhraonáin do dhaoine éagsúla sa lucht féachána. Níl aon chúis eile de dhíth le dul!

NÁ CAILL É!
23 weeks ago
Donal
labhair í agus mairfidh sí!
maith sibh....

www.anghaeltacht.net/rosdumhach/

SHELL CHUN SÁILE!
24 weeks ago
 
bebo0121:0:1210387512194