 | 
| <An Chuairt - Malartú cultúrtha idir muintir na Gaeilge agus muintir na Gàidhlige, le filí, le ceoltóirí agus le hamhránaithe ón dá thraidisiún. 3-8 Bealtaine 2008 -Tuilleadh eolais ar www.gaelport.com.
Is í an aidhm atá le Gaelport.com, ná léitheoirí a choinneáil suas chun dáta maidir le cúrsaí reatha a bhfuil tionchar acu ar an nGaeilge, bíodh an tionchar sin dearfach nó diúltach. Is í Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge atá i mbun Eolas@Gaelport.com. Is mian le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge aitheantas a thabhairt d'Fhoras na Gaeilge as cúnamh airgid a chur ar fáil don tionscadal seo.
Glac síntiús saor in aisce don nuachtlitir leictreonach choicísiúil eolas@gaelport.com, nó don tseirbhís Gearrthóga laethúla ar www.gaelport.com! | Gender | | | | Male | |  | | Last Active | Profile Views | | 4 hours | 1126 times |  | | Hometown | | | 46, Sráid Chill Dara, Báile Átha Cliath 2 | |  | | Gaelport.Com's URL | | http://www.bebo.com/gaelport |  | | Member Since | | | February 2007 | |
Gaelport.Com says: "Cuirfear tús le Ciorcal Comhrá na Comhdhála ar an 7 Aibreán. Tuilleadh eolais le fáil ar www.gaelport.com. Fáilte roimh chách! " (6 weeks ago) me too! | | Cogar | | Is Seirbhís eolais do chraoltóirí Gaeilge é Cogar. Cuirtear nuachtlitir míosúil ar fáil do chraoltóirí-chun síntiús a glacadh déan teagmháil le eolas@gaelport.com |  | | Seirbhís gearrthóga laethúla | | Faigh na caoinchead Foinse, Lá, The Irish Times, The Irish
Examiner agus The Irish Independent díreach chuig do 'inbox' agus bí cinnte nach gcailleann tú amach ar an nuacht is déanaí faoin gGaeilge! |  | | Féilire na Gaeilge | | An bhfuil imeachtaí Gaeilge ar siúl i do cheantar? Cuir an t-eolas chugainn! |  | | Folúntais | | An bhfuil folúntas Gaeilge le líonadh agat? Déan teagmháil le eolas@gaelport.com |  | | Tóstal 2008 | | Tionóladh Tóstal na Gaeilge 2008 in Óstán Galway Bay, Dé hAoine Feabhra 22 - Dé Sathairn Feabhra 23 2008.
Bhí scoth na gcainteoirí ag díriú isteach ar cheisteanna móra na Gaeilge in atmaisféar oscailte cuimsitheach agus torthúil. Is deis é an Tóstal do phobal na Gaeilge, agus daoine eile nach iad, teacht le chéile agus athbhreithniú a dhéanamh ar an méid atá bainte amach agus comhfhís den todhchaí a chruthú. Bhí ionadaíocht ann ó earnáil na Gaeilge, ón earnáil phoiblí, ón earnáil oideachais, ón earnáil phríobháideach, ón earnáil phobail agus dheonach agus ó na meáin.
Má bhíonn aon aiseolas agat maidir le Tóstal 2008: déan teagmháil linn ag eolas@gaelport.com |  | | Caith Fáinne! | | Caitear an Fáinne mar chomhartha go bhfuil Gaeilge agat agus go bhfuil tú toilteanach í a labhairt! |  | | Ciorcal Comhrá na Comhdhála! | | Tá súil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge muintir na cathrach a chur ag caint agus ag comhrá le chéile trí mheán na Gaeilge. Ón 7 Aibreán 2008 ar aghaidh beidh Ciorcal Comhrá á reáchtáil ar feadh sé seachtaine in oifigí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, ag 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2.
Beimid ag bualadh le chéile gach tráthnóna Dé Luain ón 6.00.i.n. - 7.30.i.n.
Is deis iontach í seo don phobal chun an Ghaeilge a chleachtadh ag ócáid shóisialta in atmaisféar Gaelach, agus aithne a chur ar Ghaeilgeoirí eile sa cheantar ag an am céanna.
Beidh an ciorcal comhrá oiriúnach do dhaoine fásta ag gach leibhéal cumais - is cuma cén caighdeán Gaeilge atá agat, beidh fáilte roimh chách. |  |
|