Gaelport.Com

déan cuairt ar an suíomh athchóirithe atá ag www.cogar.ie

15 weeks ago | me too! | Reply

Add as friend
  • Female, Luv 2
  • from 46, Sráid Chill Dara, Báile Átha Cliath 2
  • Profile views: 3,082
  • Member since: February 2007
  • Last active: 15 weeks ago
  • www.bebo.com/gaelport

My Timeline

close About Me

Tagline
Beatha Teanga Í a labhairt!
Me, Myself, and I
Is í an aidhm atá le Gaelport.com, ná léitheoirí a choinneáil suas chun dáta maidir le cúrsaí reatha a bhfuil tionchar acu ar an nGaeilge, bíodh an tionchar sin dearfach nó diúltach. Is í Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge atá i mbun Eolas@Gaelport.com. Is mian le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge aitheantas a thabhairt d'Fhoras na Gaeilge as cúnamh airgid a chur ar fáil don tionscadal seo.

Glac síntiús saor in aisce don nuachtlitir leictreonach choicísiúil eolas@gaelport.com, nó don tseirbhís Gearrthóga laethúla ar www.gaelport.com!
Cogar
Is Seirbhís eolais do chraoltóirí Gaeilge é Cogar. Cuirtear nuachtlitir míosúil ar fáil do chraoltóirí-chun síntiús a glacadh déan teagmháil le eolas@gaelport.com
As na Nuachtáin
Faigh na scéalta nuachta is te-bhruite faoin nGaeilge ó na nuachtáin laethúla i do inbhoca gach maidin!
Féilire na Gaeilge
An bhfuil imeachtaí Gaeilge ar siúl i do cheantar? Cuir an t-eolas chugainn!
Folúntais
An bhfuil tú ag lorg fostaíochta in earnáil na gaeilge ? Téigh go www.gaelport.com/foluntais
Cuairt na bhFilí
Beidh Cuairt na bhfilí Albananacha ar siúl 21-25 Aibreán 2009. Bígí linn i nGaoth Dobhair (21 Aibreán), An Club Sóisialta Oileán Thóraí (22 Aibreán) Séipéal Choláiste na Trionóide, Baile Átha Cliath agus Club Sult (23 Aibreán) agus do bhuaicphointe na féile ag Comórtas Filíochta an CHUAIRT in Áras na Comhdhála ar an 24 Aibreán! Seisiún de scoth agus craic lenár gcomharsan Ceilteacha!
Caith Fáinne!
Caitear an Fáinne mar chomhartha go bhfuil Gaeilge agat agus go bhfuil tú toilteanach í a labhairt!
An Nuacht is deanaí
Faigh an nuacht is déanaí faoi shaol na gaeilge anseo www.gaelport.com/nuacht

close Video Box

help

Mairéad Ní Fhlatharta ar Thuras na bhFilí 2008

close The Wall

close Playlist

close Polls

close Whiteboard

  • Beo Is Singil San Astráil.

    WANTED ... SINGLE GIRLS!!!

    Fancy taking an all-expenses paid once-in-a-lifetime road trip across the Australian outback in search of love? Answer yes to the series of questions below and you stand a good chance of taking part in Fastnet Films hot new reality show Beo Is Singil San Astráil.
    ...

    Fastnet Films 0 Replys
  • Balleagraíochtaí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge

    Tá 23 balleagraíocht i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge atá ionadaíoch do phobail nó do shainphobail - Oideachas, Óige, Eaglasta, Naíonraí, na hEalaíona, Cúrsaí Ban mar shampla.

    Liosta

    Ógras
    An Cumann Scoildrámaíochta
    An Réalt
    An tOireachtas
    Coláiste na bhFiann teo.
    Comhaltas Uladh
    Co...

    Gaelport.Com 0 Replys

close Lifestream

twitter Gaelport.Com posted on Twitter: @enormous dhera níor bhuamar - an chéad bhliain eile!!beidh deochanna na Nollag ann 9 Nollaig beidh mé ag seoladh amach cuirí go luath :).
  13 hours ago
twitter Gaelport.Com posted on Twitter: @eoinos bhí neart fíona ann caithfidh mé a rá ;-).
  13 hours ago
twitter Gaelport.Com posted on Twitter: Tired after last nights golden spiders. Hanging. :).
  13 hours ago

close Blog

  • Grúpa Éireannach le File, Ceoltóir agus Amhránaí ar chamchuairt timpeall Gharbhchríocha na hAlban.

    Rachaidh file, ceoltóir agus amhránaí sean-nóis ar chamchuairt timpeall na hAlban an tseachtain seo chugainn mar chuid de Thuras na bhFilí 2008.

    Beidh an file Ailbhe Ní Ghearbhuigh, an t-amhránaí Mairéad Ní Fhlátharta, agus an ceoltóir Con Durham ag tabhairt aghaidh ar Gharbhchríocha na hAlban, mar chuid den mhalartú cultúrtha seo, atá á eagrú ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i gcomhair le Comhairle nan Leabhraichean.

    Ciarraíoch í Ailbhe Ní Ghearbhuigh, a bhain céim sa Ghaeilge agus sa bhFraincís amach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, áit ar bhain sí MA sa Nua Ghaeilge amach chomh maith. Bronnadh Gradam Fulbright ar Ailbhe sa bhliain 2007, agus chaith sí bliain ag múineadh Gaeilge i Nua-Eabhrac. Bhronn An Chomhairle Ealaíon sparánacht ar Ailbhe i mbliana chun díriú ar a cuid filíochta. Tá dánta léi foilsithe sna hiris: An Guth, Feasta, Crannóg agus Poetry Ireland Review. Tá a céad cnuasach filíochta Péacadh, le fáil anois ó Choiscéim.

    Is as Baile Átha Cliath de Con Durham, ach tá sé ina chónaí i gCiarraí le os cionn 30 bliain anois. Bhain Con Durham an chéad áit amach i gcomórtas an Oireachtais sa bhliain 1990, agus é ag casadh an phíb uilleann.

    Is amhránaí sean-nóis ón Spidéal í Mairéad Ní Fhlátharta, atá mar mhúinteoir bunscoile anois i Rath Cairn Co. na Mí. Thosaigh sí ag casadh nuair a bhí sí seacht mbliana d'aois, nuair a thosaigh sí ranganna de chuid an Ghaelacadaimh sa Spidéal faoi stiúir Pat Phadraic Tom Ó Conghaile agus Peaitsaí Ó Ceannabháin. Is iomaí duais atá bainte amach ag Mairéad ó thug sí a haghaidh ar a céad Oireachtas i nGaillimh i 1993. Ina measc seo tá Corn Dharach Uí Chatháin, Corn Sheosamh Ó hÉanaigh, Corn Cuimhneacháin Sheáin Óig Uí Thuama, Comórtas na mBan agus an dara háit i gCorn Uí Riada nuair a bhí sí 18. Tá Mairéad ag freastal ar Ollscoil Luimnigh faoi láthair ag staidéar do chéim mháistreachta sa cheol traidisiúnta, ag díriú ar an amhránaíocht agus stíleanna éagsúla sean-nóis mar phríomhchuid den chúrsa.

    Is scéim cheilteach sheanbhunaithe thábhachtach í Turas na bhFilí, atá ar siúl i mbliana ón 22-28 Meán Fómhair. Tá meas mór ag muintir na Gaeilge agus na Gàidhlige ar Thuras na bhFilí, go háirithe ag filí, ceoltóirí, agus amhránaithe ón dá thraidisiún atá fite fuaite lena chéile.

    I measc na bhfilí agus na gceoltóirí Éireannacha a chuaigh ar an gcuairt go hAlbain roimhe seo, bhí Máirtín Ó Direáin, Caitlín Maude, Colm Breathnach, Louis de Paor, Máiréad Ní Mhaonaigh, Seosamh Mac an Iomaire, Lasairfhíona Ní Chonaola, Bríd Ní Mhóráin agus Cathal Ó Searcaigh.

    Eagraíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge Turas na bhFilí i gcomhair le Comhairle Nan Leabhraichean le cúnamh airgid ó Fhoras na Gaeilge.

    Tá tuilleadh eolais faoi Thuras na bhFilí le fáil ar www.gaelport.com, nó is féidir dul i dteagmháil le Síle Ní Chatháin, ag 01 679 4780, nó sile@comhdhail.ie

    0 Comments 429 days

  • Lucht Gaelport ar Strae!

    I mí Bealtaine na bliana seo, tar éis dúinn seachtain a chaitheamh ar chamchuairt timpeall na tíre seo le Cuairt na bhFilí Albanacha,
    shocraigh triúr d'fhoireann na Comhdhála go raibh sé in am an nasc eadrainn féin agus ár gcairde Albanacha a threisiú agus beagán
    Gàidhlig a fhoghlaim! In áit ár gcuid laethanta saoire a chaitheamh sna hoileáin Chanáracha, shocraíomar iad a chaitheamh ar Oileán Scítheanach in Albain!

    Is ollscoil Gàidhlige é Sabhal Mòr Ostaig, a chuireann réimse leathan cúrsaí ar fáil, idir chúrsaí breisoideachas agus chúrsaí céime,
    agus iarchéime fiú. Is ar leithinis Slèite ar an Oileán Scítheanach atá Sabhal Mòr Ostaig lonnaithe, agus tá an ceantar seo ar cheann de na tírdhreacha is áille ar domhain! B'fhiú go mór an t-aistear fada chuig an Oileán Scítheanach do na radhairc aoibhne amháin, gan trácht ar an méid a d'fhoghlaimíomar agus muid ann!

    Tá cúrsaí ar fáil i mí Lúnasa gach bliain, ina mhúintear Gàidhlig do Ghaeilgeoirí, ach cé go bhfuil an-chuid cosúlachtaí idir an dá
    theanga, tá neart difríochtaí eatarthu chomh maith! Ba í Beathag Mhoireasdan a bhí mar mhúinteoir ar an rang s'againne, agus 14
    duine a bhí sa rang. Is cúrsa seachtaine, ó Luan go hAoine a bhí ann, agus bhí sé an-chuimsitheach go deo, go deimhin chuir sé iontas orainn an méid Gàidhlige a bhí foghlamtha againn taobh istigh de sheachtain amháin.

    Bíonn neart imeachtaí eagraithe ag lucht na hollscoile do na mic léinn sna tráthnónta, amhail ceardlanna ceol, céilithe Gaelacha, ciorcail chomhrá, agus taispeántas físe, agus ní rabhamar díomhaoin ar feadh oiread is nóiméad! Is é Port Rígh an príomhbhaile ar an oileán, agus bhí an t-ádh dearg orainn go raibh an deis againn a bheith ann le linn Chluichí na nGarbhchríche. Cluichí suimiúla iad seo, agus is é an t-imeacht a tharraing an chaint is mó i measc an ranga ná fir mhóra le féilí breacán agus iad ag caitheamh an chabair, cuaille mór fada ar nós cuaille teileafóin! B'iontach agus b'aisteach an spórt é, ach thaitin sé go mór leis an lucht féachana!
    Bhí damhsa traidisiúnta na hAlban le feiceáil ag Cluichí na nGarbhchríche chomh maith, agus bhí neart píobaireachta le cloisteáil freisin.
    Ba bhealach neamhghnách é seo chun ár laethanta saoire a chaitheamh, ach é sin ráite, bhaineamar an-taitneamh go deo as an gcúrsa,
    na daoine agus an chraic ar an oileán. Mholfainn do dhuine ar bith le Gaeilge, seachtain a chaitheamh i Sabhal Mòr Ostaig chun blaiseadh beag a fháil ar chultúr na hAlban.

    Tá tuilleadh eolais faoi na cúrsaí san ollscoil seo le fáil [Anseo]

    0 Comments 452 days

  • Cuir peann le pár do Chomórtas Filíochta an Chuairt!!

    Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag reáchtáil Comórtas Filíochta le linn Cuairt na bhFilí Albanacha ar Éireann. Is comórtas filíochta dhá-theangacha atá i gceist, agus is féidir le filí dánta nua-chumtha i nGaeilge nó i nGàidhlig na h-Albann a chur isteach ar an gcomórtas, ach leagan Béarla a chur ar fáil chomh maith

    Níl aon táille iontrála i gceist don comórtas seo, agus níl aon srian maidir le hábhar, fad, téama nó stíl. Glacfar le hiarratais trí ríomhphost amháin, ach an ríomhphost a bheith seolta chuig sile@comhdhail.ie, roimh 23 Aibreán 2008. Roghnófar an ocht dán nua-chumtha is fearr i cibé teanga (Gaeilge nó Gàidhlig) agus gheobhaidh an t-údar deis a ndán a léamh ag oíche mhór an Chomórtais i gClub De Burgo ar an 7 Bealtaine 2008. Roghnófar buaiteoir iomlán an chomórtais ar an oíche sin, agus beidh duais de do rogha ceardlann scríbhneoireachta ar luach nach mó na EUR 500. Foilseofar an dán i nuachtlitir na Comhdhála i mí Meitheamh agus sa nuachtán Lá Nua.

    Is scéim cheilteach sean-bhunaithe thábhachtach í An Chuairt, atá ar siúl i mbliana ón 2-9 Bealtaine. Tá meas mór ag muintir na Gaeilge agus na Gàidhlige ar an gCuairt, ach go háirithe ag filí, ceoltóirí, agus amhránaithe an dhá traidisiúin atá fite fuaite lena chéile. I measc na bhfilí agus ceoltóirí mór le rá ar ghlac páirt sa Chuairt cheana bhí Somhairle MacGill Eain, Cairstíona Primrose, agus Floraidh Nic Neill.

    I measc na bhfilí agus na gceoltóirí Éireannacha a chuaigh ar an gcuairt go hAlbain, bhí Máirtín Ó Direáin, Caitlín Maude, Colm Breathnach, Louis de Paor, Máiréad Ní Mhaonaigh, Seosamh Mac an Iomaire, Lasairfhíona Ní Chonaola, Bríd Ní Mhóráin agus Cathal Ó Searcaigh.

    Eagraíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge An Chuairt le cúnamh airgid ó Fhoras na Gaeilge.

    Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcomórtas seo, nó faoi imeachtaí An Chuairt, is féidir dul i dteagmháil le Síle Ní Chatháin ag 01 679 4780, sile@comhdhail.ie, nó ag an seoladh thíos

    Síle Ní Chatháin
    Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
    46 Sráid Chill Dara
    Baile Átha Cliath 2
    Teil: 01 679 47 80
    Facs: 01 679 02 14
    sile@comhdhail.ie
    www.gaelport.com


    0 Comments 601 days

close Comments

  • Gael Net
    luv Gael Net

    Níl a bhuíochas ort a chara. Tá seirbhísí nua ar an bhealach chomh maith. Mar a deir an seanfhocal, "Beidh le feiceáil". Ádh mór ort agus coinnigh suas leis an dea-obair!

    16 weeks ago
  • Shane Ó Néill
    Shane Ó Néill

    Dia Dhaoibh!

    Thá an tuairisc oifigiúil 'An Bórd Snip' foilsithe agus mar atá coitianta sa saol polaitíochta sa tír le déanaí, is mór an borrán a éiríonn dá bharr. Baineann sé go príomha le postanna sa stáitsheirbhís, agus tá tionchar curtha aige ar an mhuintir oideachais, agus ar an mhuintir leighis, a bhuaileadh buille trom inné. Chomh maith leis sin, táid chun gearradh siar ar na stáisiúin Ghárdaí atá againn. Cé gur rud maith é chun fáilte a chur roimh thuairisc mar seo, a dhéanann iarracht cúrsaí eacnamaíochta a fheabhsú, méadóidh sé an strus is an brú airgeadúil a bhraitheann ana-chuid teaghlaigh. Caithfear a chuimhniú go bhfulaingeoidh daoinne daonna, daoine cosúil liom fhéin agus libhse, agus go gcaithfear na daoine sin íoc as phraghas na sainte corparáidí.

    18 weeks ago
  • Gael Net
    Gael Net

    A chairde, tá líonra soisialta nua againn. Is féidir libh eolas a scaipeadh faoi imeachtaí nó faoi rudaí eile atá ar bun agaibh nó ag duine ar bith saor in aisce. Tabhair cuairt orainn @ http://gaelnet.ning.com . Ádh mór oraibh a chairde.

    23 weeks ago
  • Caroline Folan
    luv Caroline Folan

    Cén chaoi a bhfuil Kevin?? Fear an raidió

    32 weeks ago
  • Michaela Nic Charthaigh
    Michaela Nic Charthaigh

    Is breá liom Gaeilge :D

    33 weeks ago
  • An Cumann Gaelach
    An Cumann Gaelach

    Seachtain na Gaeilge______
    An Cumann Gaelach - Ollscoil na Bean Ríona

    Kings (saor in aisce)
    An Spás, Aontas na Mac Léinn
    Dé Céadaoin 4ú Márta
    7.00in

    Céilí Mór (£3 táille)
    Halla Mandela, Aontas na Mac Léinn
    Dé Máirt 10ú
    8.00in

    Ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig (saor in aisce)
    Halla Whitla, Ollscoil na Bean Ríona
    Dé Máirt 17ú
    11.00rn

    FÁILTE ROIMH CÁCH
    __________________________________
     __________________________________
     __________________________________
     ______________________________

    38 weeks ago
  • Ar Muin Na Muice
    Ar Muin Na Muice

    Cuireadh do chách:

    38 weeks ago
  • Glas Vegas
    Glas Vegas


    TG4 - Ticéid le haghaidh Glas Vegas **** TG4 - Ticéid le haghaidh Glas Vegas

    Tá 'GLAS VEGAS' ar ais!

    Tá Glas Vegas ar tóir an chéad réalt mór eile i saol na siamsaíochta. Beidh gach cineál talann iontach agus aisteach le feiceáil ar an seó.

    Níl aon chostas ar thicéid agus má tá tú ag iarraidh a bheith mar chuid den lucht féachanna sa stiúideo, glaoigh ar James ag 01- 2843 877 nó seol ríomhphost chuig GlasVegasTG4@gmail.com.

    Tógtar áirithinntí ó ghrúpaí de sheisear ar a mhéid
    Is gá duine fásta a bheith in éineacht le haon duine faoi bhun 18 mbliana d’aois.


    Déanfar taifead ar an gclár in RTÉ i nDomhnach Broc ar na dátái thíos:


    Mí na Nollag 28ú 2008 Clár 1: 1.30pm

    Mí na Nollag 29ú 2008 Clár 2: 1.30pm Clár 3: 6.30pm

    Mí na Nollag 30ú 2008 Clár 4: 1.30pm Clár 5: 6.30pm


    Eanair 2ú 2009 Clár 6: 1.30pm Clár 7: 6.30pm

    Le buíochas & beannacht,

    Adare Productions

    50 weeks ago
  • Birthday Gift
    Birthday Gift

    Good page!
    and this is my bebo site - http://www.bebo.com/BirthdayGift,
    Thanks to visit it too!

    55 weeks ago
  • Farrell Ó Gadhra
    Farrell Ó Gadhra

    Bhuel GAELPORT.COM aon scéal uaibhse?
    Craic ar bith?
    NUACHT FAOI LÁTHAIR??

    57 weeks ago
  • Ciarán
    Ciarán

    Míle buíochas

    57 weeks ago
  • Sally Ní Dhroighneáin(i.e Thornton!
    Sally Ní Dhroighneáin(i.e Thornton!

    good times...GOOD times:)

    61 weeks ago
  • Arus Na NGael
    Arus Na NGael




    NáBac ag seinnt i gClub Árus na nGael don aon oíche amháin ar an Deardaoin beag seo! (21-08-2008) . Ná caill amach air!!
    http://www.cnag.ie/index.php?page=ca...


    65 weeks ago
  • Laura Gilligan
    Laura Gilligan

    conas a gheobhaidh me an fainne?
    an bhfuil se deacair e a fhail??:)

    76 weeks ago
  • Angus Nicolson
    Angus Nicolson

    Thanks for a great week last week!!



    SLAINTE MHOR NA HEBRIDES!!!

    79 weeks ago
  • Aisteoirí Bulfin
    Aisteoirí Bulfin

    'An Campa', le hAodh Ó Domhnaill;
    Á léiriú ag Garrett Keogh;
    New Theatre (Taobh thiar do Connolly Books), 43 Sráid Essex Thoir, Barra an Teampaill, B.Á.C;
    23ú - 26ú Aibreán 2008;
    8pm;
    Áirithintí: 01 6703361 nó info@thenewtheatre.com

    BÍ ANN!

    83 weeks ago
  • Club Daon-Phoblacht
    Club Daon-Phoblacht

    Míle buíochas! Fáilte 'is fiche romhaibh go léír go dtí Club Daonphoblacht aon uair is atá sibh timpeall!

    85 weeks ago
  • Nemeton Training
    Nemeton Training

    A Chairde go léir,

    Tá Nemeton ag tógaint iarrataisí don chúrsa Árd Dioplóma i Léiriú Teilifíse faoi láthair.
    Is cúrsa praiticiúl é a diríonn isteach ar stiúrthóireacht agus eagarthóireacht.

    Má tá suim ag éinne an cúrsa a dhéanamh téann go dtí ár leathanach Bebo chun breis eolais a fháil!!!

    85 weeks ago
  • Ar Strae
    Ar Strae

    Ar mhaith libh giota beag léamh iontach a dhéanamh? Chruthaigh na mac léinn mé

    89 weeks ago
  • Seán Ó Riordáín
    Seán Ó Riordáín

    Conas atá sibh. Scríobhfas féin píosa ach amháin go bhfuilim breoite anseo sa shanitorium.

    91 weeks ago