Oifig Na Gaeilge Dit <oifig_na_gaeilge>

"Scoláireachtaí Gaeltachta / Gaeltacht Scholarships"

Komentuj

Scéim Chónaithe Gaeilge DIT530 dni temu
 
Scéim Chónaithe Gaeilge á eagrú don chéad uair ag Coiste na Gaeilge agus Saol an Champais, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Cuirfear tacaíocht ar fáil do 5 mac léinn le Gaeilge chun árasán a roinnt lena chéile i lár chathair Bhaile Átha Cliath ar Shráid Líosain. Cuirfear scoláireachtaí ar fiú €850 an duine iad ar fáil dóibh siúd a bhíonn rath orthu lena n-iarratais agus beidh an Ghaeilge mar theanga labhartha an tí.

Tá an t-árasán i Halla Leeson suite i gceantar áisiúil i lár na cathrach, in aice láimhe le Faiche Stiabhna agus Sráid Grafton le seirbhís bus den scoth taobh amuigh don doras. Tá an t-árasán nuachóirithe, mór, geal, compordach agus lonnaithe i dteach Victeoiriach agus tá go leor de na feistis bunaidh ann go fóill. Tá gach fearas ar fáil, ina measc, rochtain idirlín saor in aisce agus teilifís chábla agus tá costais teasa, leictreachas agus teilifís san áireamh sa chíos.

Is iontach an deis a bheireann an scéim chónaithe do mhic léinn cónaí trí mheán na Gaeilge agus beidh rannpháirtithe na scéime gníomhach i gcur chun cinn na Gaeilge in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath chomh maith. Ní mór d’iarrthóirí Gaeilge a bheith acu agus a bheith tiomanta i leith cur chun cinn na teanga. Fáilteofar roimh iarratais ó mhic léinn lánaimseartha na hInstitiúide agus mic léinn a bheas ag freastal don chéad uair ar an Institiúid i Mí Mheán Fómhair 2008.

Is é 5.00 i.n. Dé hAoine 1 Lúnasa 2008 an dáta deiridh d’iarratais agus cuirfear rannpháirtithe an ghearrliosta faoi agallamh ar an Aoine, 08 Lúnasa agus ar an Luan, 11 Lúnasa 2008. Tá gach eolas maidir leis an scéim chomh maith le foirmeacha iarratais ar fáil ach dul i dteagmháil le Clare in Oifig na Gaeilge ar 01 4027504 nó gaeilge@dit.ie.
 opublikowane przez Oifig Na Gaeilge Dit 

Komentuj