
An G-Spota <AnGSpota>
"Buaicphointe na hOíche!"
| Commentaar plaatsen |
| An chéad teacht ar an bhuaicphointe! | 607 dagen geleden | ||
![]() G-spota, m. (gs. ~, pl. ~í) galánta, gnéasúil, greannmhar, gaelach. Ar aimsigh tú an G-spota go fóill? Club ildaite Gaelach a chuirfidh do theanga i mbun geabaireachta….. Uair amháin sa mhí i ndoimhneacht diamhrach Bhéal Feirste… Ceol comhaimseartha, deochanna ar reic, Gaeil bheomhara, teanga ar a dtoil acu, ar fáil anois i gcathair deas duitse! Suite i gcúlshráid na Scéiche, ceantar na bhFal tá dream de Ghaeil fhaiseanta nua-aoiseacha ag glacadh seilbhe ar Chumann Chluain Ard uair amháin gach mí le hoíche a ba mhaith libhse a bhlaiseadh a chur ar fáil! Is óna 9 ar aghaidh a bheas an G-spota le haimsiú ach cá bhfios cá huair a bhainfear an buaicphointe amach! Ar an 4 Aibreán ní bheidh ach ceithre rud de dhíth ort: tú féin, fonn, fuinneamh agus fuaidreán a mhairfidh… Má chuireann seo dealán i do phíopa téigh ar shuíomh Bhíbó s’againn nó cuir ríomhphost chuig angspota@gmail.com nó más maith leat bheith dána tá Caoimhe ag fánacht le do scairt ar 07746721428. Ag dúil go mór leis an G-spota a aimsiú le chéile… | |||
| geplaatst door An G-Spota | |||
| Commentaar plaatsen |
Advertentie
