Arus Na NGael <Arus_na_nGael>

"Sásaigh an tart san áit cheart!!"

Poster un commentaire

Club Amhránaíochta ar an Sean-nós511 jours il y a
 
Club Amhránaíochta Sean-Nóis ar ais san Árus.
De bharr an oiread san éilimh tá Club Árus na nGael ag seoladh Club nua Amhránaíochta Sean Nóis.
Beidh an céad seisiún ag tosnú ar an nDéardaoin an 19ú Meitheamh ag 8pm agus leanfaidh sé ar aghaidh ar bhonn seachtainiúil.
Beidh Gearóidín Nic Aodh, ámhránaí den scoth, mar ceannasaí na hoíche. Is ina focail féin is fearr sprioc an Chlub a chur i láthair; ‘Is mian liom na baill a theagasc i dtimpeallacht réchúiseach, neamhfhoirmeálta’.
Níl aon táille ann le clárú leis an gClub agus beidh gach áis ann le cabhrú leis na foghlaimeoirí.
Le haghaidh a thuilleadh eolais téigh i dteangmháil le Conradh na Gaeilge, fón: 091-567824 nó ríomh-phost (e-mail): conradh@bradan.iol.ie

 posté par Arus Na NGael 

Poster un commentaire