Arus Na Ngael <Arus_na_nGael>
"Sásaigh an tart san áit cheart!!"


Oíche De Céadaoin- Oíche na bhFoghlaimeoirí
Oíche Déardaoin- Club Amhránaíocht
Oíche De hAoine- Club 0A2
Oíche De Satharn- Ceol Trad.




Tuilleadh Eolais:
Fón: 091-567824
Ríomhphoist: conradh@bradan.iol.ie
Suíomh: cnag.ie
45 Sráid Doiminic( doras gorm)..;)

Gender   Age
Male22
Profile Views
1639 times
Share the Luv
13
Hometown
Gaillimh
Arus Na Ngael's URL
http://www.bebo.com/Arus_na_nGael
Member Since
July 2007

Arus Na Ngael says:

"Sásaigh an Tart San Áit Cheart!!!! ;) " (1 week ago) me too! | Reply

Dé Luan..
Níl aon rud ar siúil..:( Má tá tú ag iarradh aon imeachtaí a chur ar siúil ann, cur glaoch ar bainisteoir an chlub, Gráinne ar 091-567824
Gach Céadaoin 2009
Oíche na bhFoghlaimeoirí(9.15i.n.)...A  g tosnú ar an 14ú lá de mhí Eanáir agus leanfaidh sé ar aghaidh ar bhonn seachtainiúil. Má tá tú ag iarraidh deis chun cur le do chuid Gaeilge is seans iontach duit an oíche seo. Bíonn an múinteoir Éilis Ní Dhúill i láthair chun cur leis an comhrá agus chun aon cheisteanna i dtaobh teanga agus focal Gaeilge a fhreagairt.:)
Gach Déardaoin 2009
Club Ámhránaíochta Sean-Nós ar ais san Árus(8i.n.)...Ag tosnú ar an 15ú lá de mhí Eanáir agus leanfaidh sé ar aghaidh ar bhonn seachtainiúil. Beidh Gearóidín Nic Aodh, ámhránaí den scoth, mar ceannasaí na hoíche. Níl aon táille ann le clárú leis an gClub agus beidh gach áis ann le cabhrú leis na baill nua.;)
Gach Aoine
Club OA2 le Ben Ó Faoláin, Will Softly agus Mr.Whippy(10i.n.) Tá dea-chlú bainte amach ag Oa2 anois mar cheann de na hoícheannta ceoil domhanda is fearr i nGaillimh faoi láthair, €4, saor roimh 10i.n.:P
Gach Satharn
Bíonn seisiún ceoil thraidisiúnta den scoth ar siúil gach Oíche Shathairn. Tagann ceoltóirí ó gach cheann den tír chun ceol a chasadh i gClub Árus na nGael agus tá clú bainte amach ag an ionad mar chlub ceol traidisiúnta i gcathair na Gaillimhe! Níl aon táille i gceist!:)
Dé Domhnaigh 2009
An chéad Domhnach de gach mí bíonn gig le 'The Rye' a chasann fonnta roc nua-aimseartha in éineacht le seinm traidisiúnta den scoth le tacaíocht ó Murray agus Falkenau an mhí seo.:D

close Video Box

help

Volvo Ocean Race Green Dragon arrives in Galway

close Polls

close Blog

  • Rás Aigéin Volvo-23 Bealtaine- 6 Meitheamh 2009

    Club Áras na nGael
    45 Sráid Doiminic, Gaillimh
    "Sásaigh an Tart san Áit Cheart"

    THE RYE
    Satharn 23 / Máirt 26 Bealtaine
    Déardaoin 28 Bealtaine / 4 Meitheamh, 8.30 i.n., €6
    Ná caill banna beo osnádúrtha The Rye ag seinm i gClub Áras na nGael le sraith gigeanna le linn do Rás Aigéin Volvo a bheith anseo sa Ghaillimh. Tá clú agus cáil bainte amach acu de bharr a seónna beo a bhíonn lán d'fhuinnimh. Gealltar go mbeidh na gigeanna seo i measc an siamsaíocht is fearr le linn an ócáid bhádóireachta mórthaibhseach seo! Cé go bhfuil ceol The Rye iontach uathúil, tugadh cur síos orthu mar 'mheascán fuinneamh Na Pogues le glór Tom Waits'. Cuireann Mike Farragher de chuid an Irish Voice i Nua Eabhrac mar seo é: "Caitheann siad le chéile fonnta roc nua-aimseartha in éineacht le seinm traidisiúnta den scoth agus ‘turn on a dime chops’ nach bhfeicfeá ach go hannamh lasmuigh de chlub shnagcheoil in íochtar Mhanhattan. Ní hamháin go bhfuil talann iontach acu deirtear go bhfuil sé 'de chumas acu deilbh a chur ag rince'! Mar sin buail isteach chuig Club Áras na nGael i gcomhair oíche shiamsaíochta agus cheoil den scoth. Beidh bannaí éagsúla ag tabhairt tacaíochta gach oíche. Is féidir ceol The RYE a sheicéail ar www.myspace.com/theryeband.

    OA2
    Aoine 29 Bealtaine / 5 Meitheamh, 10.00 i.n., €4 (Saorchead isteach roimh 10.30i.n.)
    Ón uair gur bhris Club OA2 amach ar urlár na gclubanna cúpla bliain ó shin, tá dea-chlú bainte amach acu mar cheann de na hoícheanta ceoil domhanda is fearr i nGaillimh. Geallann DJs cónaithe Ben Ó Faoláin agus Will Softly, in éineacht le aoi-DJs, an cheol comhthaithe domhanda is fearr gach oíche Aoine. Nochtann an irisleabhar G duit 'rún na gclub - OA2 ar Shráid Doiminic...tá an club seo sainiúil de bharr an atmaisféar taitneamhach agus pearsanta...le réimse ceoil ó funk, hip-hop chuig buillí domhanda...is beag ionad gur féidir leo a leithéid d'oíche a chur ar bun ach labhraíonn an oíche dó féin mar ní bhionn air braith ar chórais ceoil casta chun a lucht leanúna dílis a shásamh. Ar ndóigh ní féidir atmaisféar a cheannacht" Buail isteach chuig Club OA2 agus bí páirteach san oíche cheoil domhanda seo.


    Oíche na bhFoghlaimeoirí
    Céadaoin 27 Bealtaine/ 3 Meitheamh, 9.15 i.n. , Saor
    Bíonn Oíche na bhFoghlaimeoirí ar siúl i gClub Áras na nGael gach Céadaoin. Is seo deis iontach duit má theastaíonn uait do chuid Gaeilge a fheabhsú. Cuireann Conradh na Gaeilge an oíche seo ar fáil do dhaoine ar mian leo greim níos fearr a fháil ar an dteanga i dtimpeallacht taitneamhach neamhfhoirmeálta. Bíonn an áisitheoir Éilis Ní Dhúill ar fáil ar an oíche chun cabhrú tús a chuir leis an gcomhrá agus chun aon cheisteanna faoin dteanga a fhreagairt. Tá fáilte roimh aon duine ar mian leo cúpla focal a fhoghlaim nó is féidir a theacht i láthair chun éisteacht le fuaim agus sruth álainn na Gaeilge.

    0 Comments 44 days

  • Seachtain an Gaeilge 2009

    Imeachtaí sa Chlub!!!!!!!!

    Dé Luain 2 Márta:
    1. Seoladh Sheachtain na Gaeilge le Síle Ní Bhraonáin, 1-2i.n.
    2. Ranganna Damhsa ar an sean-Nós, 7i.n.

    Dé Máirt 3 Márta:
    1. Oíche Bhriotánach, 8i.n.

    Dé Céadaoin 4 Márta:
    1. Oíche na bhFoghlaimeoirí, 8i.n.

    Déardaoin 5 Márta:
    1. Oíche na Mac Léinn, 8i.n.

    De hAoine 6 Márta:
    1. Oa2, 10.30i.n.

    Dé Satharn 7 Márta:
    1. Ceardlanna Damhsa ar an Sean-Nós, 10-5i.n.
    2. Ná Bac, 9i.n.

    Dé Luain 9 Márta:
    1.Oíche Mhór Damhsa ar an Sean-Nós agus Rince Boilg

    Dé Máirt 10 Márta:
    1. Rós Fodhla, 8i.n.

    Dé Céadaoin 11 Márta:
    1. Cóisir Chumann Gaelach GMIT, 9.30i.n.

    Déardaoin 12 Márta:
    1. Oíche na Mac Léinn, 9.30i.n.

    Dé hAoine 13 Márta:
    1. Oa2, 10.30i.n.

    Dé Satharn 14 Márta:
    1. Seisiúin Cheol Traidisiúnta le Dusty Banjos, 10i.n.

    Dé Domhnach 15 Márta:
    1. Oíche Chartanachta ar son Aware, 7i.n.

    Dé Luain 16 Márta:
    1. Ceiliúradh Ceilteach d'Oíche Phádraig, 9.30i.n.

    Dé Máirt 17 Márta:
    1. Seisiúin Cheol Traidisiúnta na Féile Pádraig

    Tuille Eolas:
    Conradh na Gaeilge
    091-567824
    Conradh@bradan.iol.ie

    0 Comments 130 days

  • Club Amhránaíochta ar an Sean-nós

    Club Amhránaíochta Sean-Nóis ar ais san Árus.
    De bharr an oiread san éilimh tá Club Árus na nGael ag seoladh Club nua Amhránaíochta Sean Nóis.
    Beidh an céad seisiún ag tosnú ar an nDéardaoin an 19ú Meitheamh ag 8pm agus leanfaidh sé ar aghaidh ar bhonn seachtainiúil.
    Beidh Gearóidín Nic Aodh, ámhránaí den scoth, mar ceannasaí na hoíche. Is ina focail féin is fearr sprioc an Chlub a chur i láthair; ‘Is mian liom na baill a theagasc i dtimpeallacht réchúiseach, neamhfhoirmeálta’.
    Níl aon táille ann le clárú leis an gClub agus beidh gach áis ann le cabhrú leis na foghlaimeoirí.
    Le haghaidh a thuilleadh eolais téigh i dteangmháil le Conradh na Gaeilge, fón: 091-567824 nó ríomh-phost (e-mail): conradh@bradan.iol.ie

    0 Comments 367 days

close Photos

close Playlist

close Whiteboard

close Comments

  • Claire Nic Grianna
    luv Claire Nic Grianna

    An bhfuil sibh ag baint sult as Rás Aigéin Volvo?? Tá mé i nGaillimh don tseachtain...agus tá sé iontach:D :D

    4 weeks ago
  • Amanda Lydon
    luv Amanda Lydon

    :( :( :( :( :(
    Tá mé ag iarraidh teacht ar ais x :)

    7 weeks ago
  • Claire Nic Grianna
    luv Claire Nic Grianna

    An féidir liom theacht ar ais???

    7 weeks ago
  • Feile Sult
    luv Feile Sult

    Grá ó Sult:D :D :D

    Is féidir an am chlár an fhéile a fheiceál ag www.sult.ie:P:P

    xxxx

    13 weeks ago
  • Conradh Na Gaeilge
    luv Conradh Na Gaeilge

    Grá mór d'Árus na nGael!! Súil agam go bhfuil sibh uile go maith agus ag súil le Seachtain na Gaeilge:D Woop!xox

    21 weeks ago
  • Eugene And Lads Failte Taxis
    Eugene And Lads Failte Taxis

    :L :L :L BLIAN MHAITH NUA AGAT :L :L :L
    slainte

    26 weeks ago
  • Raidió Fáilte
    Raidió Fáilte

    Tá sceideal úr Raidió Fáílte reidh, scaip an scéal agus éistigí linn!

    Our new schedule ready. Listen, enjoy - and spread the word

    Blas de chuid Raidió Fáilte:
    A Taste of Raidió Fáilte:

    Seó na Maidne le hEoghan ó Néill
    8-9 r.n gach lá
    Cursaí Nuachta

    Na Giollaí Deacra
    7-8 i.n Gach Aoine
    Ceol, Craic agus caint fá chúrsaí Gaeilge

    Cillian de Búrca
    3-4 i.n Gach Céadaoin
    An Pop, Rock agus RnB is fearr ó na cairteanna

    Bígí ag eisteacht ar 107.1FM nó www.raidiofailte.com !

    32 weeks ago
  • Annie G
    Annie G

    Gan dabht, beidh mé ann le haghaidh cúrsa do bhunmhúinteoireacht ar feadh deireadh seachtaine i mí Samhain. :D :D

    38 weeks ago
  • Eochair An Ghrá
    Eochair An Ghrá

    A chairde,
    An mbeadh suim agaibh taithí teilifíse a fháil agus íocaíocht a fháil ar chomh maith.. Má tá, tá Abú Media ag lorg daoine le Gaeilge idir an aois 23-32 chun páirt a ghlacadh í gclár nua cleamhnais atá siad ag déanamh go TG4. Tuilleadh eolas ag Mary agus Fiona ag 091 505100 nó tabhair cuairt ar an suíomh bebo.
    Go raibh maith agat

    38 weeks ago
  • Annie G
    luv Annie G

    Rinne me cursa Gaeilge le Conradh i rith an tsamhradh. Bhi craic mor agam sa dteach tabhairne, nuair a bhi breise againn. Is maith liom an pub;) ;)

    Mo chara????:D :D :D

    43 weeks ago
  • Eugene And Lads Failte Taxis
    Eugene And Lads Failte Taxis

    :L :L abair JOKE orainn agus WIN A FREE TAXI

    Slainte :L :L :L :L :L :L :L :L :L :L

    43 weeks ago
  • Tg Underdogs
    Tg Underdogs

    Sraith nua Underdogs ag tosú go luath ar TG4. Peil na mBan arís. Cláraigh ar www.tg4.ie
    Leag isteach fógra sa phub más féidir- easpa ban ó Ghaillimh ag clárú

    56 weeks ago
  • John-Oliver Niland
    John-Oliver Niland

    deas,go raibh maith a'at.

    59 weeks ago
  • John-Oliver Niland
    John-Oliver Niland

    an mbionn ciorail chomhra ar siul agaibh san aras,cen uair mas e do thoil e?

    60 weeks ago
  • Gaeilgeoirí Manchain Irish Manchester
    Gaeilgeoirí Manchain Irish Manchester

    Go raibh maith agaibh as an cairdeas!

    60 weeks ago
  • John McKenna
    John McKenna

    Hey there,just letting you know in good time about the John McKenna Festival this year! 5th-8th of June!!! take a look at our page to see details of the festival!! its one not to be missed!!! hope ya can make it!:D :)

    61 weeks ago